Tógadh Mary i Mín na Craoibhe, tá sé ar theorainn na dtrí paróistí. Chuaigh sí ar an scoil i nDún Lúiche. Chaitheadh siad dhá fhód móna a bheith leo ar maidin na scoile. Lá amháin thóg sí dhá fhód as cruach móna taobh amuigh den scoil ach chonaic an máistir í agus thug sé uirthi an mhóin a fhágáil ar ais. Buaileadh ar a shon í.
Bhí siúl fada na scoile ar maidin aici. Bhí cuid mhór oibre le déanamh sa bhaile roimh am scoile agus ina dhiaidh. Bhí fuath aici ar an scoil.
D’fhág sí an scoil ag 13½ bliana d’aois. Ní raibh cead acu an scoil a fhágáil go mbeadh siad 14 bliana d’aois ach d’éirigh léi fanacht as casán an mháistir go dtí sin. | 00:04:15 | |